Focal ó Uachtarán Choláiste Náisiúnta na hÉireann Gina Quin
Réamhrá ó Chathaoirleach an Chomhlachta Rialaithe an tAthair Leonard Moloney, SJ
I mí Iúil 2019, ní raibh aon choinne ag bord bainistíochta ná Comhlacht Rialaithe Choláiste Náisiúnta na hÉireann leis an riocht ina mbeadh an domhan faoi earrach na bliana dár gcionn. Is teist é orthu siúd agus ar ár n-uachtarán, Gina Quin, go ndeachaigh an Coláiste in oiriúint go gasta do chúinsí an tsaoil tráth a raibh an tubaiste ag bagairt air, agus is teist é freisin ar na léachtóirí a thug go fial flaithiúil dá gcuid ama agus acmhainní, go háirithe sna chéad seachtainí sin, agus ar na baill foirne i ngach roinn, a bhí ag obair as lámha a chéile chun gach rud a chur chun cinn, agus ar mhic léinn an Choláiste, dream ar cúis bhróid ag an gColáiste é an teacht aniar atá iontu. Tá seantaithí ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann ar an saol a bheith ag athrú. Bunaíodh é in 1951, tráth ar Choláiste na nOibrithe Caitliceacha arbh ainm dó, agus é ag cur ranganna oíche ar fáil dhá uair sa tseachtain do bhaill ceardchumann, ranganna faoin staidéar sóisialta agus eacnamaíoch. Toisc go raibh éileamh ó go leor fostóirí orthu, ba ghearr gur thosaigh sé ag múineadh cúrsaí do bhainisteoirí. Ba an uair sin a tugadh Coláiste an Chaidrimh Thionsclaíoch air. Bhí an meon dearfach sin i dtaobh dul in oiriúint d’athruithe ina ghné dhílis de Choláiste a fhreastalaíonn ar na riachtanais a bhíonn ag foghlaimeoirí, oibrithe agus fostóirí a linne, agus tugadh Coláiste Náisiúnta an Chaidrimh Thionsclaíoch air in 1983. Ba ina dhiaidh sin a tháinig sé chuig an IFSC faoin ainm atá air anois, Coláiste Náisiúnta na hÉireann. Tá an freagra oscailte gasta sin ar riachtanais athraitheacha agus ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn ag teacht leis an meon ar ar thug Iognáid Loyola “a bheith seasta ar tí céim chun tosaigh a ghlacadh” – a bheith seasta réidh chun an chéad bheart eile a dhéanamh ar mhaithe le bunchuspóir a bhaint amach. I mí Iúil 2019 bhí an Coláiste réidh chun tabhairt faoi chomhlíonadh a bhunchuspóra, “saol daoine a athrú tríd an oideachas”, trí leathnú a dhéanamh ar a champas chun cur leis an tionchar dearfach a bheadh aige in Oirthuaisceart Lár na Cathrach, áit a dtagann dreamanna éagsúla le chéile: grúpaí pobail agus corparáidí ilnáisiúnta, mic léinn agus comhlachtaí gairmiúla, fiontraithe agus fostaithe na todhchaí agus na hearnálacha ina mbeidh siad ag obair amach anseo. Ag tús na bliana acadúla sin, agus dea-bhail air ó thaobh na gné airgeadais de, chuir an Coláiste leis an rochtain ar oideachas nuair a chuaigh sé i gcomhpháirtíocht le Comhairle Dídeanaithe na hÉireann chun scoláireachtaí nua a bhunú. Agus dea-bhail air ó thaobh na gné acadúla de, chuaigh an Coláiste i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Mhá Nuad chun comh-mhaoirseacht ar chéimeanna dochtúireachta a thairiscint. Agus dea-bhail air ó thaobh na gné pobail de, a bhuí leis an Tionscnamh Luathfhoghlama, Tionscadal NEWTON agus clár socrúcháin oibre NEIC, ba mhaith an riocht ina raibh an Coláiste chun tuilleadh oibre fós a dhéanamh sa réimse sin. An sprioc atá againn maidir le leathnú tomhaiste, níl sé bunaithe ar an bhfonn a bheith ‘níos mó’, ach ar uaillmhian chuí chun athrú spriocdhírithe a chur i bhfeidhm. Ní thiocfaidh aon athrú ar na luachanna is bonn leis an gcuspóir sin, fiú amháin más rud é go bhfágfaidh cúinsí seachtracha – sa chás seo, paindéim dhomhanda – go dtiocfaidh athrú mór ar an saol ina bhfuilimid ag feidhmiú. Ciallaíonn “a bheith seasta ar tí céim chun tosaigh a ghlacadh” nach mbeimid i sáinn ag smaoineamh ar *céard* a dhéanaimid ach go mbeimid ag díriú ar *cén fáth* a dhéanaimid é. Coinneoidh Coláiste Náisiúnta na hÉireann go docht leis an gcuspóir atá aige agus leanfaidh sé air ag oiriúnú agus ag athrú mar fhreagairt mheáite ar an domhan ina mairimid, ag déanamh athmheasúnú rialta ar an gcaoi agus an áit ar féidir leis an gColáiste an tionchar is dearfaí a imirt, agus saol daoine á athrú aige tríd an oideachas. An tAthair Leonard Moloney, SJ, Cathaoirleach an Chomhlachta Rialaithe
Sracfhéachaint ar NCI

Deferred Spring Graduations take place online on 24th June – our first fully online graduation ceremony.

 

Launch of the first NCI Irish Refugee Council scholarships.

 

NCI’s first online Staff Quiz, produced by Robert Ward, Director of Marketing, acts as a focal point for staff engagement during Covid-19, marking 3 months of ‘working from home’.

 

 

 

Nuacht ón gColáiste
Gradaim an Uachtaráin 2019 Rinneadh athbhailíochtú ar thart ar 24 clár an bhliain acadúil seo mar chuid d’athbhreithniú clár QASS. Bhuaigh an Dr Corina Sheerin agus an Dr Caitriona Hughes gradam ‘Páipéar Sármhaith 2019’ de chuid na hirise ‘European Journal of Training and Development’ – chomh maith leis sin, rug Corina léi Gradam Ardmholta ‘Emerald Literati’ in éineacht leis an Ollamh Margaret Linehan ó Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, ar shaothar a raibh gradam BAM buaite ina leith roimhe seo. D'óstáil Scoil Ghnó an Choláiste an 22ú Comhdháil de chuid Acadamh Bainistíochta na hÉireann i mí Lúnasa. Bronnadh a gcuid dámhachtainí ar an chéad trí chohórt a ghlac páirt i gcláir na Roinne Coimirce Sóisialaí i mí na Samhna 2019, agus bhí an tArd-Rúnaí John McKeon, an Rúnaí Cúnta Paula Lyons agus an Príomhoifigeach Mary McSharry i láthair ag an ócáid sin. D'óstáil an Scoil Ghnó ár gcéad chruinniú de chuid Líonra Ban MBA Choláiste Náisiúnta na hÉireann i mí na Nollag. Tá an tionscnamh sin dírithe ar líonra gairmiúil a bhunú do mhná atá ag gabháil don MBA agus do chéimithe mná Coláiste Náisiúnta na hÉireann. D'éirigh go hiontach leis an gcéad chruinniú agus bhí os cionn 60% dár gcéimithe agus dár mic léinn i láthair aige. Ag tús 2020, d’éirigh leis an Scoil Ghnó an BA (Onóracha) Nua sa Chleachtas Earcaíochta a chosaint. Tá an clár seo á chur leis an tsraith clár printíseachta gairmiúla atá á reáchtáil ag an Scoil cheana. Is céim onóracha ar leibhéal 8 é an clár sin a forbraíodh i gcomhpháirtíocht leis an gCónaidhm Náisiúnta Earcaíochta agus ní hé amháin gurb é an chéad chéim dá leithéid in Éirinn ach is é an chéad sainchlár earcaíochta ar leibhéal céime san Eoraip é.

 

 

Cruinniú Líonra na mBan NCI MBA

D'fhorbair an Chónaidhm Náisiúnta Earcaíochta Céim BA (Onóracha) sa Chleachtas Earcaíochta i gcomhpháirtíocht le Coláiste Náisiúnta na hÉireann.
I mí na Bealtaine 2020, chuir mic léinn a bhí ag gabháil don BA (Onóracha) sa Chleachtas Margaíochta a gcuid tionscadal deiridh i láthair ar líne. Déantar na tionscadail sin a reáchtáil i gcomhar le Shopify, agus tugtar an dúshlán do na mic léinn a gcuid táirgí féin a fhorbairt, iad a fhoinsiú agus a mhargú, agus físeán Kickstarter a dhéanamh. Bhí cáilíocht den scoth le sonrú sna táirgí agus san obair a rinneadh. Níl anseo ach sampla amháin – Alphalyte, cumascóir iniompartha! Agus iad á maoiniú mar chuid de Shraith Seimineár Ardoideachais an Fhóraim Náisiúnta um Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama, thionóil an tIonad Oideachais agus Foghlama ar Feadh an tSaoil (CELL)): - sa Choláiste iad seo a leanas: – arna éascú ag David White, Ceann na Foghlama Digití san University of Arts, Londain, 'Developing Digital Graduate Attributes Within, Beyond and Across the Curriculum’, imeacht a thionóil an Dr Yvonne Emmett i mí Dheireadh Fómhair 2019; - arna éascú ag an Dr David Killick, Comhalta Emeritus in Ollscoil Leeds Beckett, ‘Developing Culturally Responsive Approaches to Assessment in Higher Education’, imeacht a thionóil an Dr Sheena Hyland i mí an Mhárta 2020. I mí Eanáir 2020, d'óstáil CELL Taispeántas Tionscadal Foghlama le Cuidiú Teicneolaíochta i Léachtlann agus Aitriam Uí Cheallaigh. Ag an imeacht sin, a eagraíodh i gcomhar le SOLAS agus OÉ Gaillimh, díríodh aird ar obair a bhí déanta ag cleachtóirí Breisoideachais agus Oiliúna ó gach cearn den tír, a ghlac páirt sna babhtaí tosaigh de cháilíochtaí nua Coláiste Náisiúnta na hÉireann, an Teastas Foghlama agus Teicneolaíochta agus an Teastas Teicneolaíochta a cuireadh ar bun in 2019. D'óstáil an Dr Leo Casey agus an Dr Yvonne Emmett ón Ionad Oideachais agus Foghlama ar Feadh an tSaoil an cheardlann 'Contemporary Questions for Adult Educators’ ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann. Eagraíodh an cheardlann d’oideachasóirí aosacha in Oirthuaisceart Lár Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hIonad Foghlama Aosach Bhaile Átha Cliath mar chuid d’Fhéile Foghlaimeoirí Aosach Aontas 2020 i mí an Mhárta. Ghlac Scoil na Ríomhaireachta páirt in eagrú agus reáchtáil na Comhdhála Idirnáisiúnta mór le rá ar Ríomhaireacht agus Insamhladh Ardfheidhmíochta (HPCS 2019), agus chuir sí páipéar i láthair ag an gcomhdháil. Aithníodh Coláiste Náisiúnta na hÉireann mar phríomhphátrún/tacadóir in éineacht le hinstitiúidí acadúla eile (Coláiste na Tríonóide, Coláiste na hOllscoile BÁC, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil) agus le heagraíochtaí tráchtála (IBM, AMD, nVIDIA). Bhuaigh an Dr Anu Sahni an Gradam Molta Speisialta ag searmanas Gradam KTI (Tionchar an Aistrithe Eolais) ar an 21 Samhain 2019. Leis an ngradam um Thionchar an Aistrithe Eolais, tugtar aitheantas don mhéid atá bainte amach ag ball foirne a rinne ionchur mór agus a d’imir tionchar mór. Is mór an t-aitheantas é sin don choláiste agus, anuas air sin, do straitéis nuálaíochta Scoil na Ríomhaireachta, straitéis atá á stiúradh go cumasach ag an Dr Anu Sahni le tacaíocht ó chomhghleacaithe léi. I gcomhar le feidhmeanna na nGairmeacha, na Margaíochta, TF agus na hOifige Tráchtála, d’aistrigh Scoil na Ríomhaireachta Taispeántas Tionscadal na bliana deiridh um Aistriú Teicneolaíochta ar líne i gcomhair mhí na Bealtaine 2020, agus d’éirigh go hiontach leis an imeacht. Le linn 2019-20 ghlac Scoil na Ríomhaireachta páirt i dtionscadail taighde arbh fhiú €7 milliún iad, agus fuair Coláiste Náisiúnta na hÉireann maoiniú díreach €1 mhilliún ar feadh ré na dtionscadal sin i dteannta le forchostais. Is iad seo a leanas na tionscadail mhaoinithe sin: Newton (€5.6 milliún, 3 bliana, an Dr Cristina Muntean, an Dr Pramod Pathak), SPUMONI (€1.2 milliún, 3 bliana, an Dr Adriana Chis, an Dr Horacio Gonzalez Velez), tionscadal Glantus IPP (€185k, 1 bhliain amháin, an Dr Anu Sahni, an Dr Pramod Pathak), SFI Discover (€50k, 1 bhliain amháin, an Dr Pramod Pathak), Dámhachtain Féidearthachta de chuid Fhiontraíocht Éireann (€15,000, 3 mhí, an Dr Anu Sahni, an Dr Pramod Pathak). Beifear ag leanúint ar aghaidh le roinnt tionscadal ón liosta thuas go dtí an bhliain acadúil 2020-21. D’éirigh linn san athbhreithniú a rinne an Coimisiún Eorpach ar thionscadal NEWTON (€560 milliún, 3 bliana) ar an 22 Deireadh Fómhair 2019. Mhol an painéal athbhreithnithe an obair a bhí déanta ag cuibhreannas Newton agus mhol sé an obair as acht an chomhtháthaithe a bhí déanta ar chluichiú agus Fablab (chun fréamhshamhlacha 3T a phriontáil). Chomhlíon foireann an tionscadail na spriocanna go léir a bhí leagtha síos agus d’fhoilsigh siad níos mó ná 200 páipéar taighde agus rinne siad 34 cur chun feidhme ar bhonn trialach ar fud na hEorpa. Foilsíodh leabhar freisin ina ndéantar achoimre ar an obair a rinneadh le linn an tionscadail. Bronnadh an Gradam ‘An Páipéar is Fearr’ ar pháipéar dar teideal “EARTH COURSE Pilot: NEWTON Project Support for STEM Education”, leis an Dr Cristina Hava Muntean agus a foireann, ag an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta Déag ar Ríomhaireacht, Córais, Seirbhísí agus Teicneolaíochtaí Uileláithreacha Móibíleacha (UBICOMM 2019)
Bhuaigh an Dr Anu Sahni an Gradam Molta Speisialta ag searmanas Gradam KTI

Taighde agus foilseacháin uile fhoireann Coláiste Náisiúnta na hÉireann mar atá in NORMA i leith na tréimhse 2019/2020

Seachtain na Folláine d’fhoireann Choláiste Náisiúnta na hÉireann, a tionóladh i mí Feabhra 2020.
Tionscnamh Luathfhoghlama
My Place to Play
Gradam Cúraim Sláinte na hÉireann as ucht ‘My Place to Play’, tionscnamh comhoibritheach le CYPSC, ABC North Dublin agus Focus Ireland. Tá ParentChild+ (an Clár Baile do Thuismitheoirí Leanaí mar a bhíodh) á sholáthar anois do 376 teaghlach i 9 n-ionad ar fud na hÉireann agus tá ionad nua bunaithe i gCo. Lú agus i gCluain Dolcáin. Ciste Comhtháthaithe Slaintecare, ‘Prevention is better than cure’ – Tionscadal Forbartha Chlár Pobail na Máithreacha, babhta comhair idir deich n-ionad áitiúla CMP, Fondúireacht Katharine Howard, FSS, Tusla agus an Tionscnamh Luathfhoghlama, faoi stiúir an Tionscnaimh Luathfhoghlama. Dhaingnigh an Comhlacht Rialaithe Plean Straitéiseach 2020-25 an Tionscnaimh Luathfhoghlama i mí na Nollag. Bunaíodh Ionad Saineolais, Taighde agus Nuálaíochta (CERI) i mí Eanáir mar phointe fócais i gcomhair bainistíocht eolais, forbairt acmhainne, cumarsáide agus tionchar i ndáil le míbhuntáiste oideachasúil, rochtain agus an saineolas atá á chothú ag an Tionscnamh Luathfhoghlama maidir le tacú le pobail eile chun cláir ardcháilíochta Cuartaíochta Baile a sholáthar, i gcomhréir le ‘Na Chéad 5’, an Straitéis Uile-Rialtais i leith Naíonán, Leanaí Óga agus a dTeaghlach 2019-2028. Freagra ar COVID-19 Rinneadh 4,596 cuairt bhaile fhíorúil le linn na tréimhse dianghlasála Dáileadh 1,367 dáileadh pacáistí gníomhaíochta oideachais 100% an Tionscnamh Luathfhoghlama freagra maith ar sholáthar an Chláir COVID-19 Seachadadh Cláir 17,000 idirghníomhaíocht foghlama le 969 teaghlach i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Lú. Bhí 1,520 teaghlach ag gabháil do thacaíocht grúpa i leith tuismitheoireachta e.g., suathaireacht leanaí, cleachtas aisiríoch, scéalaíocht, Folláine Máthar agus Linbh, súgradh cruthaitheach Ghlac. 2,819 leanbh agus a dteaghlach páirt i gclár litearthachta, lena n-áirítear an Clár Luath-Uimhearthacha, Zoom Ahead with Books, Doodle Den, Dúshláin Choláiste Náisiúnta na hÉireann, Clubanna Códaithe Róbataice, Caiféanna Teanga agus Tacaíocht Teagaisc Bhí 473 leanbh agus a dteaghlach páirteach i dtreoirchlár oideachasúil, lena n-áirítear Love Education; Lá sa Saol; Ciorcail Mheantóireachta; Cleachtas Aisiríoch ‘Opening the Door’; agus Discover Universit. 356 gairmí i mbun oiliúna agus meantóireachta a bhain le Cuartaíocht Bhaile; M’Áit Spraoi; Teicneolaíocht Dhigiteach; Uimhearthacht; STEM; Síolta agus Aistear; Cleachtas Aisiríoch; Féinchúram agus Tuiscint ar Mhothúcháin. 5 chur i láthair ag comhdhálacha agus d’fhoilsíodar 3 shaothar.

Roghnaigh The Irish Times Cóisir Oíche Shamhna an Tionscnaimh Luathfhoghlama mar ‘íomhá an lae’

 

An Ghné Idirnáisiúnta

 

Chláraigh Coláiste Náisiúnta na hÉireann le Sport 20x20, chun cur le hiomrá agus rannpháirtíocht ban sna spóirt.

 

Eispéireas na Mac Léinn

 

Glacann Coláiste Náisiúnta na hÉireann cur chuige ‘gach gné den duine’ i leith an oideachais agus creidimid nach é an dul chun cinn acadúil amháin atá tábhachtach, ach sláinte agus folláine freisin. In 2019-2020 cuireadh leis an gcomhairliúchán le mic léinn de réir mar a thug an Coláiste faoi obair níos spriocdhírithe Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, lena n-áirítear mar chuid den Tionscnamh um Champas ina dtacaítear le hUathachas. Tá Seirbhís Gairmeacha ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann a bhfuil gradaim bronnta uirthi. As measc na 797 duine a bhí ag gabháil go lánaimseartha do bhunchéim nó céim mháistreachta a ndearnadh suirbhé orthu i mí na Samhna 2019, d’fhreagair 90% acu – bhí ról faighte ag 21% de na céimithe lánaimseartha tríd an tseirbhís gairmeacha, agus ag 19% eile trí chuideachta a tháinig chuig an gcampas chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh gairmeacha. Sonraí maidir le Céimithe · 81% fostaithe · % ag gabháil do staidéar breise · 9% ag lorg fostaíochta · 1% nach raibh ar fáil le haghaidh oibre I mí Eanáir 2020, chuir Specialisterne, i gcomhar leis an bhFoireann Tacaíochta Míchumais agus leis an bhFoireann Gairmeacha, tús le sraith ceardlann le mic léinn a bhfuil riocht néareolaíoch orthu chun cabhrú leo ullmhú le haghaidh agallamh agus róil iarchéime. Bíonn an Fheidhm Thacaíochta do Mhic Léinn ag obair i ndlúthchomhar le hAontas na Mac Léinn, chomh maith le mic léinn aonair. I mí Feabhra 2020, mar shampla, chuir TENI oiliúint ar an bhFoireann Tacaíochta Míchumais agus ar an bhFoireann Comhairleoireachta agus Folláine ar shaincheisteanna a bhaineann le Trasinscne agus conas tacú le mic léinn thrasinscneacha, agus i mí na Bealtaine 2020 bhí an Fheidhm Thacaíochta do Mhic Léinn agus Aontas na Mac Léinn ag obair le chéile chun Seachtain Feasachta Meabhairshláinte fhíorúil a reáchtáil.. Déanann Aontas na Mac Léinn ionadaíocht ar mhic léinn Choláiste Náisiúnta na hÉireann agus glacann sé páirt ar an leibhéal náisiúnta in Aontas Náisiúnta na Mac Léinn. I mí Lúnasa 2019, rinne Coláiste Náisiúnta na hÉireann agus Aontas na Mac Léinn sa choláiste óstáil ar Aontas Náisiúnta na Mac Léinn ag imeacht oiliúna NStEP d’oifigigh aontas mac léinn don bhliain acadúil a bhí rompu. Rinne Aontas na Mac Léinn sa choláiste obair thacaíochta freisin thar ceann mic léinn le linn an aistrithe ó ghnáthshaol an choláiste go cúinsí COVID-19.
Clubanna agus Cumainn: An lá ceannann céanna ar dúnadh an Campas i mí an Mhárta 2020, fógraíodh go raibh leibhéal Sacar Coláiste an 1ú Rannán bainte amach ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann. Tá dlúthchaidreamh ag an gColáiste le Club Sacair Bohemians, lena n-áirítear scoláireachtaí d’imreoirí óga club chun freastal ar Choláiste Náisiúnta na hÉireann, rud a fógraíodh in 2019. Ina theannta sin, tá an Coláiste cláraithe le Sport 20x20,, chun cur le hiomrá agus rannpháirtíocht ban sna spóirt. Spreagtar sármhaitheas i ngach spórt lenár Scoláireacht Spóirt – bronnadh 12 scoláireacht spóirt ar leibhéal Ardfheidhmíochta in 2019/20 i réimsí an tSacair, CLG, na Cicdhornálaíochta, na Dornálaíochta, na Cispheile, an Chearáité, na Seóléimní agus an Ghailf. I gcás seacht gcinn acu, is scoláireachtaí nuastruchtúrtha iad a fhágfaidh go gcoinneoidh a bhfaighteoirí ar feadh trí bliana iad. Tá go leor clubanna agus cumann ann lasmuigh de shaol an spóirt freisin. Is a bhuí leis an gCumann Meabhairshláinte ar bhronn Pieta House Brat Ómra ar Choláiste Náisiúnta na hÉireann. Imrítear tionchar idirnáisiúnta ar an gCumann Faisin, mar a imrítear ar an gCumann Idirnáisiúnta féin, agus is ann a gheofar meascán ilchineálach dathanna agus dearthaí. Tacaíonn an Cumann Comhionannais leis an bpobal LADT+, le mic léinn atá á gceistiú féin agus leo siúl a sheasann leo. Tá go leor cumann ann a dhéanann ionadaíocht ar spéiseanna éagsúla, agus bíonn an deis ann i gcónaí club nua a bhunú chun guth a thabhairt do réimse spéise nua. D'éirigh leis na Clubanna agus na Cumainn aghaidh a thabhairt ar dhúshlán COVID-19 agus lean siad ar aghaidh ag bualadh le chéile ar líne, lena n-áirítear óstáil a dhéanamh ar Ghradaim na gClubanna agus na gCumann. Do COVID-19 – chuir an Coláiste gach clár ar fáil ar líne, rud arbh éigean don fhoireann agus na mic léinn dul in oiriúint dó go tapa, fiú agus teist chruthaithe againn i dtaobh oideachas ar líne. D'éirigh go maith leis an aistriú ar líne, inar baineadh úsáid as Moodle, MS Teams agus Adobe Connect, agus leis na hiarrachtaí a rinne ranna éagsúla agus iad ag obair as lámha a chéile, an Rannóg TF, an Rannóg Foghlama agus Teagaisc, an Fheidhm Dearbhaithe Cáilíochta, Oifig an Chláraitheora agus Feidhm na nAmchlár ina measc. Cuireadh modhanna difriúla measúnaithe i bhfeidhm freisin. Cuireadh acmhainní sonracha chuig gach mac léinn (línte cabhrach, suímh ghréasáin, blaganna agus aipeanna). Cruthaíodh leathanach Comhairleoireachta do Mhic Léinn ar Moodle chun tacú leo ar líne. Tairgeadh Tacaíocht Chomhairleoireachta Duine le Duine ar an teileafón agus trí Microsoft Teams agus rinneadh leathnú ar an soláthar a bhí ann cheana. Leanadh ar aghaidh ar líne leis an tionscnamh ‘Chillout’, le Ceardlanna Folláine, agus le ‘Connect Café’. Níorbh fhada gur thairg Leabharlann Norma Smurfit seirbhísí ar líne, agus deasc chabhrach san áireamh. Bíonn an leabharlann ghradamach sin seasta gnóthach agus obair fhiúntach ar bun inti. Rinneadh infheistíocht nach beag sa leabharlann chun cur leis an rochtain ar ríomhleabhair agus irisleabhair.
Coláiste Náisiúnta na hÉireann, Sráid an Mhéara, an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, Baile Átha Cliath 1
Gréasán: www.ncirl.ie | Fón: 01 4498500 | Ríomhphost: info@ncirl.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2019-2020
Agus muid ag tabhairt faoin mbliain acadúil 2019-2020, ní raibh súil ar bith againn leis na dúshláin a bhí romhainn agus, go deimhin, roimh an domhan mór. I samhradh na bliana 2019 bhíomar go léir – baill foirne, mic léinn agus daoine den phobal – ag ithe lóin le chéile in Amharclann Uí Cheallaigh, agus muid ag freastal ar an tsraith ‘Partners In Business’. Tháinig na mic léinn nua chuig hallaí an Choláiste le haghaidh seisiún tionscnaimh agus bhíomar lán arís i Seimeastar 1, na seomraí ranga gnóthach agus an t-aitriam beo le gníomhaíochtaí mac léinn. I mí na Samhna 2019 chuireamar searmanais bhreise bronnta céime ar bun chun freastal ar ár gcéimithe uile agus a dteaghlach agus a gcairde, agus muid ag bailiú le chéile chun a gcuid éachtaí acadúla a cheiliúradh. Ba mhaith an riocht ina raibh Coláiste Náisiúnta na hÉireann ag tús na bliana 2019 ó thaobh na gné acadúla agus na gné airgeadais de. Bhí ár gcáil amuigh i margadh idirnáisiúnta iomaíoch, agus muid ag faire ar an deis leathnú a dhéanamh ar an gcoláiste. Cothaíodh an seasamh láidir sin i rith na bliana a chlúdaítear sa tuarascáil seo, agus aghaidh á tabhairt ar chúinsí an-dúshlánach an tráth céanna.D’éirigh linn an méid sin a dhéanamh mar gheall ar bhainistíocht stuama; sármhaitheas nuálach acadúil; agus tiomantas ó chroí d’fholláine na foirne agus na mac léinn; mar aon lenár bhfoireann acadúil, ár bhfoirne riaracháin, an fheidhm thacaíochta do mhic léinn, foirne saoráidí; agus saineolas agus tiomantas bhaill dheonacha an Chomhlachta Rialaithe. Mar fhreagairt ar threoir an Rialtais an Coláiste a dhúnadh ar an Déardaoin an 12 Márta, mar gheall ar an bpaindéim dhomhanda, cuireadh i bhfeidhm ár bpleananna bainistíochta géarchéime. Bhain Coláiste Náisiúnta na hÉireann leas as an nuálaíocht a bhí cothaithe aige cheana i réimse na foghlama cumaisc chun bogadh go gasta chuig an cianteagasc i gcomhar le QQI agus comhlachtaí gairmiúla, lena chinntiú go mbeadh na cáilíochtaí go léir fós bailí. Caithfidh mé a lua a chomhtháite is a bhí ár bhfoireann agus an tsármhaitheas oideolaíoch agus teicneolaíochta atá againn, rudaí a chuidigh linn teacht aniar den scoth a léiriú agus paindéim dhomhanda sa mhullach orainn. Chuamar go léir in oiriúint go beo do na cúinsí úra. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag cabhrú leis na mic léinn agus iad ag tabhairt faoin obair acadúil. Tá an coláiste fós ag soláthar an oideachais den scoth a bhfuil cáil orainn as, ach thairis sin tá tacaíocht, rochtain ar chomhairle agus bealaí chun folláine á soláthar againn. Tráth a bhfuil an obair iontach sin ar bun, agus muid ag déileáil le himpleachtaí COVID-19, leanaimid orainn ag baint éachtaí amach agus ag ceiliúradh na n-éachtaí sin.Cuireadh an tionscadal ‘Showcase’ ar líne, rud a d’fhág gur fhéad ár gcéimithe ríomhaireachta, a bheidh ag tabhair aghaidh ar shaol an-éiginnte, teagmháil a dhéanamh le lucht earcaíochta agus le fostóirí. Ar an gcaoi chéanna sin, dhírigh ár gCéimithe Margaíochta aird lucht féachana ábhartha ar a gcuid tionscadal Shopify ar líne. Ba ar líne a reáchtáladh Ócáid an Earraigh i gcomhair na gCéimithe. Tá éiteas Choláiste Náisiúnta na hÉireann aistrithe ar líne freisin! Rinneamar beart go tapa chun tacú le céimithe an Choláiste, le Seirbhísí Gairmeacha nuálacha saincheaptha, a raibh sé ina chuspóir leo ár gcéimithe a chur in oiriúint do mhargadh saothair atá athraithe. Bhí sé beartaithe againn freisin Scoláireacht ‘Master’s Edge’ a bhunú ionas go bhféadfadh na mic léinn coinneáil leis an staidéar iarchéime ar feadh ré na paindéime seo, agus céim a bhaint amach níos déanaí le cáilíocht níos airde. Táimid tar éis dlús a chur lenár seirbhísí tacaíochta do mhic léinn ar líne, seirbhísí atá dírithe ar ghnéithe acadúla, áineasa agus sláinte. Táimid ag tacú lena chéile. Agus tríd seo go léir, ní raibh dearmad á dhéanamh ar an bpobal thart timpeall an Champais: aistríodh ar líne seirbhísí riachtanacha oideachais an Tionscnaimh Luathfhoghlama do theaghlaigh agus do leanaí óga atá faoi mhíbhuntáiste. Ina theannta sin, bhíomar ag comhoibriú le grúpaí pobail agus moil do dhaoine gan dídean chun seirbhísí a sholáthar agus pacáistí gníomhaíochta a dháileadh ar leanaí in Oirthuaisceart Lár na Cathrach. A bhuí leis an teacht aniar atá ionainn, is féidir linn ardú meanman a chothú iontu siúd atá thart orainn, fiú sna cúinsí annamha dúshlánacha seo. Tá Coláiste Náisiúnta na hÉireann ag seasamh an fhóid agus ag féachaint conas is féidir linn tógáil ar an méid atá ag tarlú anois chun an saol romhainn a shamhlú as an nua. Ar na saolta seo, tá rud amháin ann ar féidir linn a bheith cinnte de: ní theipfidh orainn sa mhisean atá againn saol daoine a athrú tríd an oideachas. Gina Quin Uachtarán, Coláiste Náisiúnta na hÉireann
Bronnadh Céime Choláiste Náisiúnta na hÉireann, mí na Samhna 2019, ag Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath
Buaicphointí na Bliana
Lúnasa 2019

Fógraíodh comhpháirtíocht idir Coláiste Náisiúnta na hÉireann agus Ollscoil Nanchang Hangkong sa tSín

 

 

Samhain 2019

Bhí Bronnadh Céime an Gheimhridh ar siúl ar an 28 Samhain, agus Bál na gCéimithe ar an 29 Samhain.

 

Meán Fómhair 2019

Chuir an Rannóg Acmhainní Daonna Clár Cúnaimh d'Fhostaithe de chuid VHI ar bun don fhoireann.

 

Sheol Seirbhís Gairmeacha an Choláiste Tionscnamh Taithí Oibre NEIC na hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta Feidhmí, faoina mbítear ag obair ar bhonn díreach le meánscoileanna faoi mhíbhuntáiste sa chomharsanacht agus le comhpháirtíochtaí gnó éagsúla chun taithí oibre ar ardchaighdeán a sholáthar.

 

Nollaig 2019

D’óstáil Coláiste Náisiúnta na hÉireann Lón Nollag Chlann Shíomóin

 

Iúil 2019

First in the Partners in Business series: Lennon & Courtney – leanadh leis an tsraith seo i rith an tSamhraidh, i gcomhpháirtíocht le  The Irish Independent.

 

I mí Iúil cuireadh fáilte roimh an gCampa Samhraidh Ríomhaireachta bliantúil i gcomhair scoláirí meánscoile, campa a mbíonn an-éileamh air.

 

 

Eanáir 2020

D’fhreastail Coláiste Náisiúnta na hÉireann ar Thaispeántas Eolaí Óig agus Teicneolaíochta BT

 

Deireadh Fómhair 2019

Shínigh Ollscoil Mhaigh Nuad agus Coláiste Náisiúnta na hÉireann comhaontú chun mic léinn atá ag gabháil do chéim PhD / MLitt / MSc trí mheán an taighde a mhaoirsiú le chéile.

 

D’fhoilsigh The Irish Independent gné-alt faoin mata súgartha linbh  My Place to Play a dhear Marion Byrne, mac léinn sa bhliain deiridh chéime ECEC, a bhíonn ag obair freisin leis an Tionscnamh Luathfhoghlama. Tugadh an táirge nua sin i gcrích trí mhaoiniú agus comhoibriú idirghníomhaireachta ina raibh an Tionscnamh Luathfhoghlama páirteach.

 

Mar chuid de sheoladh an Tionscnaimh Ollscoile a thacaíonn le hUathachas, d’óstáil Coláiste Náisiúnta na hÉireann an Taispeántas um Eispéireas an Uathachais mar aon le sraith cainteanna don fhoireann, do mhic léinn agus don phobal.

 

 

Márta 2020

12 Márta: an lá ar dúradh le gach scoil agus coláiste dúnadh faoi 6pm, chun cabhrú le scaipeadh COVID-19 a shrianadh

 

Aibreán 2020

Feachtas ar bun sna meáin shóisialta faoina ndearna daoine den fhoireann teagaisc físeáin ghearra a thaifeadadh faoin taithí a bhí acu féin ar an obair ón mbaile, lena chur i luí ar na mic léinn go dtuigeann siad na dúshláin a bhíonn rompu ag nascadh ón mbaile agus ag díriú ar an obair ar líne, agus go mbíonn na deacrachtaí céanna acu féin

 

Bealtaine 2020

NCI awarded Pieta House Amber Flag Bhronn Pieta House Brat Ómra ar Choláiste Náisiúnta na hÉireann

Cuireadh Gina Quin, Uachtarán an Choláiste, faoi agallamh ar Newstalk maidir leis an ról is féidir a bheith ag an oideachas i dtéarnamh an gheilleagair tar éis COVID-19.

Feabhra 2020

Bhuaigh Leabharlann Norma Smurfit an Gradam ‘An Leabharlann is Fearr’ ag na Gradaim Oideachais

 

June 2020

Is iomaí dámhachtain a bronnadh i mbliana ar an Dr Corina Sheerin, atá ina Stiúrthóir Cláir don MSc san Airgeadas

agus ina léachtóir leis an Scoil Ghnó

In 2019 cuireadh Clár Cúnaimh d'Fhostaithe de chuid VHI ar bun i gColáiste Náisiúnta na hÉireann, agus bhí an-chuid den fhoireann páirteach ann faoi dheireadh na bliana. I mí Mheán Fómhair 2019 cuireadh i bhfeidhm Cláir Ionduchtúcháin dhébhliantúla chuimsitheacha do bhaill foirne nua. D'oscail an tUachtarán Gina Quin gach seisiún le babhta machnaimh ar an Misean agus na Luachanna atá ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann chomh maith le cur i láthair faoi na pleananna atá ag an gColáiste do na blianta atá romhainn. Rinneadh Lá Domhanda Meabhairshláinte a cheiliúradh i mí Dheireadh Fómhair le “Let’s Talk Tea Break”, an chéad cheann as measc go leor tionscnaimh folláine a chuir an Rannóg Acmhainní Daonna ar bun in 2019/20. I mí na Samhna, chuir an Rannóg Acmhainní Daonna tús le clár cruinnithe roinne chun foghlaim conas is fearr is féidir léi cabhrú leis an bhfoireann feasta. I mí Feabhra 2020 reáchtáil an Rannóg Acmhainní Daonna an chéad Seachtain Folláine riamh d’fhoireann an Choláiste – lena n-áirítear oiliúint saoil i réimsí mar Shláinteachas Codlata, Aclaíocht, Cothú agus Bainistíocht Struis. Ag obair di le hOifig an Uachtaráin, d’óstáil an Rannóg Acmhainní Daonna plé painéil i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na mBan, faoi stiúir an Uachtaráin Gina Quin, le ceannairí mná sa Choláiste féin agus le cainteoirí seachtracha ó shaol na tionsclaíochta agus ón saol acadúil. De réir mar a thosaigh COVID-19 ag cur isteach go mór ar an gColáiste, thosaigh an Rannóg Acmhainní Daonna ag díriú ar thacú leis an bhfoireann aistriú chuig an gcianobair. I measc na saincheisteanna ar déileáladh leo bhí nascadh na mball foirne, cúnamh a thabhairt do bhainisteoirí, beartais ábhartha a nuashonrú, amhail saoire bhreoiteachta agus saoire bhliantúil, agus gach cúram a bhaineann le hearcaíocht agus ionduchtúchán foirne a aistriú ar líne. Bhain dúshlán go háirithe leis an earcaíocht agus an aistriú sin, toisc gur líonadh roinnt post an-sinsearach, agus níorbh fhéidir fáilte chroíúil an phróisis ionduchtúcháin nua a mhacasamhlú ach le comhoibriú ó gach duine a thug go fial dá gcuid ama chuige sin, ar fud an choláiste. Agus í ag tabhairt aghaidh go sonrach ar an aistriú go dtí an obair ón mbaile, chuir an Rannóg Acmhainní Daonna clár oiliúna ar scála mór i bhfeidhm maidir le Dínit ag an Obair, agus béim á leagan ar an gcianobair. Ghlac níos mó ná 170 ball foirne páirt san oiliúint sin agus i scaipeadh na mbeartas. I mí na Bealtaine 2020, bunaíodh an Tascfhórsa COVID-19. Tá an coiste comhdhéanta de rannpháirtithe ionadaíocha na foirne i gColáiste Náisiúnta na hÉireann. Pléitear ábhair a bhaineann le prótacail i leith COVID-19 agus tugtar aird ar dhearcadh na foirne agus cinntí beartais agus próisis á ndéanamh. I mí na Bealtaine bhunaigh an Rannóg Acmhainní Daonna an Shuffle Café, áit ar bhuail baill foirne le chéile le haghaidh sosanna caife fíorúla agus babhtaí comhrá fhíorúil le comhghleacaithe ó gach cearn den Choláiste. Ag freagairt don ghluaiseacht dhomhanda ‘Black Lives Matter’, reáchtáil an Rannóg Acmhainní Daonna babhta oiliúna faoi Chomhionannas Ciníocha don fhoireann. I mí an Mheithimh, rinneadh Mí na Bród a cheiliúradh le hoiliúint LADT+ don fhoireann agus oiliúint tacaíochta. I rith na bliana, agus í ag leanúint ar aghaidh le dualgais oibríochta, d’aithin an Rannóg Acmhainní Daonna tábhacht na cumarsáide agus chinntigh sí infheictheacht a feidhme féin don fhoireann tráth nach mbímid go léir ar an gcampas féin a thuilleadh.